A óige, bhí sé ar scoil go raibh sé 14 bliana d’aois. A chuimhní ag gabháil chun an aonaigh ar an tSrath Bán lena athair agus ar fhostach. Fuair siad an traen ó Chroithlí go Leitir Ceanainn agus ó sin go dtí an tSrath Bán. Chuaigh sé ar fhostach ag bean feirmeora sa bhliain 1939, ar feadh 3 mhí. Rinne a athair conradh léi, bhí se ag fáil £5.
Ní raibh mórán béarla aige, rud a d’fhág rudaí iontach míshásta dó mar gur béarla uilig a bhí acusan. Feirm mór a bhí ann, bhí siad ag tabhairt báinne go dtí Caisleán na Deirge le float agus beithíoch bán. Bhí cuid de na daoine a bhí sé ag obair leo ceart go leor ach bhí cuid eile acu iontach míshásta.
Bunadh na feirme agus na daoine a bhí ag obair air. | 00:04:30 | |